Mic léinn ar anchaoi de bharr COVID-19

Le níos mó ná bliain anuas, tá mic léinn tríú leibhéal ar fud an domhain ag cailleadh amach ar thaithí na hollscoile. De ghnáth bheadh na daoine óga seo ag imeacht ón bhaile den chéad uair le bheith ina gcónaí lena bpiarghrúpa. Is ar ollscoil a bhuaileann daoine le treibh s'acu féin agus a fhaigheann siad an chéad bhlaiseadh den neamhspleáchas pearsanta.

Tá bliain imithe ó druideadh doirse na hollscoile agus na mic léinn ag foghlaim ar líne ó shin. Ní raibh an deis ag an chuid is mó acu cos a leagan ar champas ná sult a bhaint as an ghné shóisialta de shaol na hollscoile. 

Ach, mar sin féin, bhí ar na daoine óga seo táillí iomlána a íoc. Faigheann formhór na mac léinn iasachtaí leis na híocaíochtaí sin a chlúdach, rud a chuireann le brú na céime. 

Ní hamháin sin ach tá go leor mic léinn ag streachailt lena gcuid meabhairshláinte agus ní bhíonn an deis acu na fadhbanna seo a phlé lena gcairde mar is ceart. 

Labhair Meon Eile le Naoise Mac Cathmhaoil agus Emmet Mag Fhinn, mic léinn ar Ollscoil na Ríona, agus le Mairéad Comer, iníon léinn ar Ollscoil Uladh, faoin anchaoi seo.

Close
Close