An scéim ‘Scoil Spreagtha’ á reáchtáil i 100 bunscoil ó thuaidh

Thug foireann Ghael Linn agus na scéime Scoil Spreagtha cuairt ar Scoil Naomh Trea i Machaire Fíolta, Contae Dhoire, ar na mallaibh le toradh dearfach na scéime a fheiceáil.

Is é is cuspóir le Scoil Spreagtha an Ghaeilge a chur chun cinn i mbunscoileanna Béarla an Tuaiscirt. Fuair an scéim tuilleadh maoinithe i mí Dheireadh Fómhair 2025 i ndiaidh do Ghael Linn bualadh leis an Aire Oideachais, Paul Givan. 

Leis an deontas £100k ón Roinn, bhí Scoil Spreagtha in ann dhá Fheidhmeannach Oideachais a fhostú le bheith i mbun na scéime, ag cur áiseanna foghlama agus tacaíocht ar fáil do na múinteoirí.

Bhí siad fosta ábalta an scéim a leathnú amach go dtí 100 scoil - is 80 scoil a bhí cláraithe leis an scéim roimhe sin.

Doibrigh Patsy McGlone, Feisire Tionóil do cheantar Lár Uladh, go dlúth le Gael Linn chun an cruinniú leis an Aire a eagrú. Nuair a labhair sé le Meon Eile i Scoil Naomh Trea, dúirt sé go raibh sé iontach sásta go mbeidh páistí bunscoile ó Thuaidh in ann tairbhe a bhaint as an scéim luachmhar seo agus tá sé ag súil go mbeidh todhchaí rathúil aige.

Is iad Éirinn Mhic Amhalaí agus Caitlín Mhic Naois na Feidhmeannaigh atá fostaithe ag an scéim agus thug siad ceardlanna le linn an lae bunaithe ar an aimsir agus ar na mothúcháin. Tá siad beirt ag dúil go mór leis an phost nua atá amach rompu agus molann siad na buntáistí a bhaineann leis an scéim.

Close
Close