An Mheitheal Mheantóireachta

Seoladh scéim nua dar teideal ‘An Mheitheal Mheantóireachta’ i lár mhí na Nollag dóibh siúd atá ag obair nó ag lorg oibre in earnáil na Gaeilge.

Tá an scéim dírithe ar dhaoine níos óige atá ag críochnú na scoile nó a bhain céim amach san ollscoil le déanaí agus is bealach é dóibh treoir agus tacaíocht a fháil don chéad chéim eile ina ngairm.

Cuirfear tús leis an Mheitheal Mheantóireachta mar scéim phíolótach don chéad 6 mhí agus beidh an traenáil agus an tacaíocht ag toiseacht ag deireadh mhí Eanáir. 

Labhair Meon Eile le Ciarán Mac Giolla Bhéin ó Fís an Phobail agus leis an Dr. Órla Nig Oirc ó Glór na Móna atá beirt fostaithe mar chomhordaitheoirí pleanála teanga agus a bheidh i mbun na scéime. Tá an bheirt acu dóchasach go bhfásfaidh agus go leanfaidh an scéim ar aghaidh ar feadh na mblianta amach romhainn, ach go scaipfidh sé ar fud na tíre ar fad lena chois.

Más spéis leat pairt a ghlacadh sa scéim, is feidir dul i dteagmal le Ciarán ar [email protected] agus Órla ar [email protected]

 Tá tuilleadh eolais le fáil anseo fosta.

Close
Close