Léacht: An Gaeilge agus an Éiceolaíocht

Thug an tOllamh Michael Cronin cuairt ar Ghlór na Móna, Béal Feirste, ar na mallaibh le léacht a thabhairt ar an nasc idir an Ghaeilge agus an éiceolaíocht.

Is léachtóir i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, é Michael a bhfuil réimse fairsing saothar foilsithe aige i gcaitheamh na mblianta, ina measc leabhar dar teideal ‘An Gaeilge agus an Éiceolaíocht’.

Sa léacht rinne sé cur síos ar an timpeallacht agus ar an dóigh a bhfuil ról ag an teanga ina caomhnú. Nuair a thuigtear go n-ainmnítear formhór na n-áiteanna in Éirinn i ndiaidh crann, aibhneacha nó plandaí áirithe, cuidíonn sé le tábhacht na ngnéithe sin den timpeallacht a thuiscint. Úsáideann sé a chathair dhúchais, Baile Átha Cliath, mar shampla d'áit a bhfuil cuid mhór logainmneacha a bhaineann le huisce ann - ainm Béarla na cathrach san áireamh, a thagann ó 'Dubh Linn' - agus mar sin de tuigfidh daoine cé chomh tábhachtach is atá uisce don chathair.

D'fhreastail Meon Eile ar an léacht agus labhair muid leis an Ollamh Cronin faoina leabhar agus faoin bhunteachtaireacht. Labhair muid fosta le hEoghan Ó Garmaile a bhí ina chathaoirleach ar an phlé agus a raibh áthas an domhain air fáilte a chur roimh Michael.

Tá leabhar an Ollaimh Cronin, ‘An Gaeilge agus an Éiceolaíocht’ ar fáil sna siopaí leabhar.

Close
Close