Seoladh an Cumann Dlí le Gaeilge de chuid Ollscoil Uladh ag ócáid a d’eagraigh Cumann Barra na Gaeilge i mBéal Feirste ar na mallaibh.
Is i dTeach an Dlí-Chumainn i lár na cathrach a eagraíodh an léacht agus an t-imeacht.
Cuireann Cumann Barra na Gaeilge fóram ar fáil do dhlí-chleachtóirí, idir abhcóidí agus aturnaetha, ‘a chleachtaíonn an dlí trí mheán na Gaeilge nó ar suim leo saineolas maidir le cúrsaí dlí agus Gaeilge a fhorbairt’.
Is é an aidhm is mó atá acu ná próifíl na Gaeilge a chur chun cinn i ngairm an Dlí agus caighdeán proifisiúnta san earnáil a neartú.
Chuaigh Meon Eile chuig an léacht a bhí lán le daoine, ó mhic léinn go dtí cleachtóirí a bhfuil na blianta fada de thaithí acu.
Thug Barra McGrory KC an phríomh-léacht inar labhair sé linn faoi stádas na Gaeilge i ngairm an Dlí, go háirithe i ndiaidh aisghairm i mí Feabhra na bliana seo ar Phéindlíthe ó 1737 a chuir cosc ar Ghaeilge sna cúirteanna ó thuaidh.
Labhair muid fosta le Pól Deeds a bhí mar chuid den phainéal ar an lá. D’inis sé dúinn faoin tábhacht a bhaineann leis an Ghaeilge agus an Dlí a cheangal le chéile, go háirithe agus é ag tosnú go luath sa ról mar an chéad Choimisinéir Gaeilge sa tuaisceart.
Tá Dr. Niall Comer ar an fhoireann a bhunaigh an cúrsa ‘Gaeilge le Dlí’ in Ollscoil Uladh, agus is as sin a tháinig An Cumann Dlí le Gaeilge san ollscoil, cumann a seoladh ag an ócáid. Dar leis gur céim shuntasach é bunú an Chumainn a chuirfidh an Ghaeilge chun cinn ní hamháin i measc phobal na hollscoile ach i ngairm an dlí trí chéile chomh maith.


