Áit bainte amach ag bunscoil Bhéarla san Fhéile Náisiúnta Scoildrámaíochta den chéad uair riamh

Is í Bunscoil Chnoc na gCor an chéad scoil Bhéarla riamh le háit a fháil san Fhéile Náisiúnta Scoildrámaíochta. Chuir an bhunscoil, atá lonnaithe i dTrileac, Contae Thír Eoghain, Cinnín Óir agus na Trí Bhéar’ i láthair an lucht féachana agus bhí deis ag Meon Eile bualadh isteach agus iad ag cleachtadh don bhabhta náisiúnta. 

Glacann Bunscoil Chnoc na gCor páirt sa scéim Scoil Spreagtha, rud a chuidigh go mór leo páirt a ghlacadh sa chomórtas. Is scéim de chuid Gael Linn é 'Scoil Spreagtha ina ndéantar an Ghaeilge a spreagadh i measc bunscoileanna Béarla. 

Labhair Meon Eile le príomhoide na scoile, Briege Baxter, a mhínigh nach bhfuil Gaeilge ag duine ar bith den fhoireann, ach go raibh siad in ann an dráma a dhéanamh le cuidiú ó fhoireann Scoil Spreagtha, agus ó Leas-Phríomhoide Ghaelscoil na gCrann, Risteard Mac Daibhéid.

Tá Risteard ina Chathaoirleach ar Fhéile Scoildrámaíochta na hÓmaí agus dúirt sé gurb é seo an bhliain is mó a bhí acu riamh agus 9 scoil páirteach. 

Bhí lúcháir air fosta go bhfuair Féile na hÓmaí maoiniú ó Chomhairle Ceantair Fhear Manach agus na hÓmaí chun tacaíocht a thabhairt do scoileanna nua páirt a ghlacadh san Fhéile Scoildrámaíochta, go háirithe scoileanna in earnáil an Bhéarla. 

Mhol sé go hard an obair a dhéanann Scoil Spreagtha fosta leis an Gaeilge a chur chun cinn sna scoileanna Béarla agus muinín a thabhairt do pháistí agus do na múinteoirí sacu tabhairt faoin drámaíocht.

Bhí deis ag Meon Eile amharc ar chleachtadh Ghaelscoil na gCrann, atá ag déanamh dráma bunaithe ar dhán le Séan Ó Riordáin, ‘Oíche Nollaig na mBan. Labhair muid le beirt daltaí faoin chleachtadh agus faoin sult a bhaineann siad as an drámaíocht. 

Is léir gur cuid lárnach í an drámaíocht sna scoileanna seo agus dúirt Risteard linn go bhfuil droichead tógtha anois eatarthu dá bharr na Féile Scoildrámaíochta agus Scoil Spreagtha. Tá súil aige go bhfuil ol curtha anois le go mbeidh muinín ag scoileanna eile páirt a ghlacadh san fhéile agus le go mbeidh caidreamh buan ann idir Gaelscoil na gCrann agus Bunscoil Chnoc na gCor.

Beidh an Fhéile Náisiúnta ar siúl an tseachtain seo sa Mhuileann gCearr.

Close
Close