Dul chun cinn na vacsaíní i gcoinne COVID-19

Tá torthaí tosaigh dearfacha faighte ag na trí vacsaín i gcoinne COVID-19 atá á bhforbairt ag Pfizer, ag Moderna agus ag Ollscoil Oxford. Labhair Meon Eile leis an Dr Fionnuala Ní Ainle faoin obair chrua a cuireadh isteach fud fad an domhain leis an éacht seo a bhaint amach.

Is haemaiteolaí í Fionnuala atá ag obair in Ospidéal an Mater i mBaile Átha Cliatha agus tá impleachtaí loma an víris feicthe aici ina cuid oibre. Ní hamháin sin ach bhí Fionnuala ag obair go dian ar thaighde a bhaineann leis an víreas i gColáiste Ollscoile Bhaile Átha Cliatha le míonna anuas. 

Mhínigh Fionnuala do Meon Eile gur éacht iontach é seo go bhfuil vacsaíní anois á bhforbairt ag grúpaí éagsúla níos lú ná sé mhí ó tosaíodh an taighde. Tá an-obair go deo déanta ag eolaithe agus is cúis dóchais í dúinn uilig go bhfuil dun chun cinn mar seo déanta roimh thús 2021.

Close
Close