Tús curtha le plean oibre chun an Earagail a chaomhnú

Tá clú agus cáil ar an Earagail, “Rí na gCnoc”, atá ina sheasamh go bródúil “ina stua os cionn caor is coll” i nGaeltacht Thír Chonaill.

Tagann na mílte duine as fud fad na tíre agus níos faide i gcéin leis an sliabh álainn seo a dhreapadh gach bliain.

Ó bharr an tsléibhe is féidir áilleacht tírdhreacha Ghaeltacht Thír Chonaill a shú isteach mar is ceart.

Ach le blianta beaga anuas tá a imní léirithe ag Coiste Forbartha Dhún Lúiche fán scrios leanúnach atá á dhéanamh ar an timpeallacht ar bhun an Earagail agus ar an sliabh féin.

Tá an coiste ag obair in éineacht le Comhairle Contae Dhún na nGall le dul i ngleic leis an fhadhb seo atá ag dul in olcas agus, an tseachtain seo, cuireadh tús leis an obair ar chosán 70 méadar ag bun an tsléibhe leis an chaorán a chosaint agus cuireadh tús le obair eile ar an sliabh féin fosta.

Tá an togra seo á mhaoiniu ag ASCENT, scéim de chuid an Aontais Eorpaigh.

Mar chuid den togra seo tá traenáil á cur ar fáil do mhuintir na háite le taispeáin daofa cad é an dóigh is ceart le tabhairt faoin obair seo agus cén dóigh é an ceantar a chaomhnú.

Tá cead pleanála faighte le cosán ceart a dhéanamh an bealach ar fad suas chuig an sliabh agus tá iarratas curtha isteach ag an Comhairle Contae ar mhaoniú san am i láthair.

Labhair Meon Eile le Josephine Ferry atá ina ball do Choiste Forbartha Dhún Lúiche faoin togra ASCENT agus faoi na pleananna atá amach rompu leis an Earagail a chaomhnú do na glúnta atá le theacht.

Close
Close