Tuairimí an phobail faoin mhéadú ar líon na gcásanna de COVID-19

Tá méadú suntasach tágtha ar líon na gcásanna de COVID-19 fud fad na tíre agus is cúis imní ollmhór é dúinn uilig. Tá éiginnteacht ar leith bainteach leis na srianta difriúla atá curtha i bhfeidhm i gcontaethe éagsúla le cúpla seachtain anuas agus roinnt áiteanna faoi dhianghlasáil go sealadach. 

Más rud é go mbeidh dianghlasáil iomlán eile ann le linn an gheimhridh níl aon amhras ach go mbeidh sé níos deacra ar achan duine ná mar a bhí an chéad dianghlasáil. Le páistí ar ais ar scoil agus mic léinn imithe chun na hollscoile, bíonn sé i bhfad níos deacra do dhaoine scaradh sóisialta a chur i bhfeidhm. Ní hamháin sin ach caithfidh muid a bheith níos cúramaí i mbliana agus muid ag déileáil leis an ghnáthfhliú fosta.

Tá eolaíthe ar fud an domhain ag obair go crua chun vacsaín a aimsiú agus tá triail chliniciúil anois ag tarlú sa Ríocht Aontaithe ach go dtí go mbeidh an vacsaín againn, tá gach seans ann go mbeidh geimhreadh crua os ár gcomhair amach. Mar a scríobh Seamus Heaney áfach, "If we winter this one out, we can summer anywhere." 

Close
Close