Teannas sa Tuaisceart - Dearcadh ón Astráil

Teannas sa Tuaisceart - Dearcadh ón Astráil
Círéib faoi bhrat na Breataine i mBéal Feirste le déanaí
Círéib faoi bhrat na Breataine i mBéal Feirste le déanaí

Peadar Boyle

Tá cónaí orm san Astráil le hocht mbliana anuas.

Tháinig mé ar saoire oibre na hocht mbliana sin uilig ó shin, fuair mé obair mhaith bhuan anseo agus níor fhág mé an ó shin.

Fágfaidh mé áfach.

Bíodh sé is gur tír iontach ar fad í an Astráil – tír fhairsing, tír lán de dheiseanna, tír dhearfach ar chuid mhór bealaí, níl a dhath aici atá inchurtha le hÉirinn dar liom maidir le cultúr, maidir le mórtas cine agus maidir le hanam agus spiorad pobail… is tírghráthóir i gcónaí mé is dócha.

Rud amháin nach dtarraingeodh ar ais mé áfach ná an seicteachas atá beo beathach ar an drochuair sa bhaile.

Seicteachas agus aighneas nach bhfuil aon ghá leis.

Níl mé pillte ar an Astráil ach trí seachtaine ó thuras chun an bhaile, áit ar chaith me roinnt ama i mBaile Átha Cliaith, i mBéal Feirste agus cuid mhór ama fán bhaile – i mbaile tuaithe sna sé chontae.

Thaitin an turas go millteanach liom, teacht le chéile le cairde, comhluadar iontach, ceol beo rialta sna tithe tábhairne, cúrsaí reatha simiúla, bia den scoth, agus ar ndóigh am luachmhar i gcuideachta teaghlaigh.

Mar sin féin chuir an t-atmaisféar seicteach díoma agus brón orm.

Ba rud é nach raibh taithí agam air le tamall agus rud a dearna mé dearmad de, nach beag.

Chuir sé iontas orm go raibh na meáin go háirithe chomh toilteannach na scórtha de leathanaigh i gcás na meán clóite, nó na huaireanta fada i gcás na meán craolta, a thabhairt d’ábhar diúltach an bhrait dheirg, bháin is ghorm.

Is ábhar nuachta é ar ndóigh ach níor shíl mé gur thuill sé an clúdach a fuair sé.

Chonacthas domh go raibh daoine ciallmhara agus daoine maithe ro-ghéilliúil don saighdeadh seo agus gur tugadh barraíocht airde don abhar ar an iomlán.

Sampla de seo ná an clár díospóireachta teilifíse ‘The Nolan Show’ a craoladh thart ar mhí ó shin.

Bhain se stangadh asam gur taispeánadh é seo ar chór ar bith nó gur ghlac an BBC an cinneadh é a chur amach.

Ní thiocfadh leis a bheith ní ba dhiúltaí agus léirigh sé taobh millteanach brónach dár meon anseo sna sé chontae.

Rith se liom go bhfuil sciar den phobal, ar dhá thaobh na scoilte b’fhéidir, ‘tugtha’ don searbhas stairiúil seo.

Ba léir o Twitter agus Facebook le linn chlár Nolan go raibh cuid mhór daoine compórdach leis an chineál seo ábhair agus tháinig an chaint dhiúltach ón ‘da thaobh’ i bhfírinne.

Shíl me gur chuir muid an cineál seo ruda a luí blianta ó shin.

Deirim é seo ar ndóigh ó pheirspictíocht na hAstráile, áit a gcónaíonn fíor-bhunús na ndaoine i gcóngaracht dá chéile, agus meas acu ar chreideamh a gcomharsan, go háirithe i gcás Críostaithe.

Is fíor-annamh go bhfiafródh aon duine díot cén creideamh atá agat, agus dá bhfiafródh bheadh sé i gcás díospóireachta agus ní chuirfeadh an freagra aon olc orthu.

Ní mar sin atá tuaisceart na hÉireann go fóill is dóiche agus is mór an trua é.

Thiocfadh a rá gur sampla de shochaí i bhfad níos abaí í an Astráil, ar an chritéar seo cibé.

Bíonn dúil mhór ag na hAstrálaithe sna hÉireannaigh agus in Éirinn féin.

Labharann cuid mhór acu go gliondarach ar an turas atá deanta acu go hÉirinn nó ar an turas gur mhaith leo a dhéanamh ann.

Deir an chuid is mó acu a bhí ann cheana gur mhaith leo dul arís, ach ó na comhráití a bhí agam ó d’fhill mé anseo is beag duine ina measc a bheas ag smaoineamh ar chuairt a thabhairt ó thuaidh anois i ndiaidh na n-íomhánna a chonaic siad sna cláracha nuachta anseo i mí Eanáir.

Fágann a leithéid rian fada ar an intinn ag eachtrannaigh agus bíonn eagla orthu taisteal go cathair a bhfuil clú an fhoréigin uirthi, fiú más cathair réasúnta sábháilte agus thar a bheith cairdiúil í Béal Feirste i bhfírinne.

Is cosúil go rachaidh roinnt blianta eile thart sula dtiocfaidh maolú ar an teannas atá le brath thart fán tuaisceart go fóill ach tá an maolú sin de dhíth go géar dar liom le seans a thabhairt d’íomhá Bhéal Feirste feabhsú ar an taobh seo den domhan cibé.

Close
Close