Diantaighde á dhéanamh ar COPD in Ollscoil na Banríona

Níl aon leigheas ar an Ghalar Scamhóige Toirmeascach Ainsealach (COPD) go fóill ach tá diantaighde idir lámha ag grúpa in Ollscoil na Banríona, Béal Feirste, faoi láthair.

Oibríonn siad i gcomhpháirtíocht le taighdeoirí eile atá lonnaithe i nDún Dealgan agus sa Ríocht Aontaithe chun staidéar a dhéanamh ar an ghalar agus ar na dóigheanna ar féidir le daoine a bhfuil COPD orthu an galar a mhaolú. 

Ar ndóigh, tá baol ar leith ag baint leis an choróinvíreas do dhaoine a bhfuil a leithéid den ghalar seo orthu agus is é an chomhairle atá tugtha dóibh go dtí seo ná fanacht sa teach i gcónaí le linn na dianghlasála. 

Labhair Meon Eile le Stiofán Mac Carsúin atá i mbun taighde ar an ghalar in Ollscoil na Banríona faoi impleachtaí an ghalair agus faoi chontúirt an choróinvíris do dhaoine atá ag fulaingt de dheasca COPD.

Close
Close