Dearg.ie - suíomh idirlín úrnua seolta ag An Dream Dearg

Tá suíomh nua stílmhar úsáideach seolta ag an Dream Dearg, an grúpa gníomhaíochais a bhíonn ag obair ar son cearta Gaeilge ó thuaidh.

Ar an suíomh tá eolas faoi na feachtais atá idir lámha ag an ghrúpa, an nuacht is déanaí maidir leis an Ghaeilge agus sraith podchraoltaí. Chomh maith leis sin beidh an t-úsáideoir ábalta iarratas a chur chuig a chomhairle áitiúil le comhartha Gaeilge a fháil ar shráideanna agus ar bhóithre s’acu.

Bhailigh scaifte le chéile ar na mallaibh i gCultúrlann McAdam Ó Fiach i mBéal Feirste leis an suíomh idirlín nua a sheoladh.

Labhair Meon Eile le Cuisle Nic Liam agus Grian Ní Dháimhín faoin suíomh agus na rudaí atá ag teacht aníos ag an Dream Dearg sa tréimhse amach romhainn

Thig leat cuairt a thabhairt ar an suíomh ag dearg.ie

Close
Close