Stádas reachtúil á lorg ag Gaelscoil na Daróige a bheidh 20 bliain ar an fhód in 2023

Tá Naíscoil agus Gaescoil na Daróige suite i gcroílár Bhaile Mhic Rabhartaigh i nDoire. I mbliaina tá sar-iarracht déanta ag pobal na scoile uilig stádas reachtúil a bhaint amach don naíscoil agus iad ag teacht ar fiche bliain ar an fhód in 2023.

Bheadh an stádas seo suntasach don scoil agus do na páistí atá ag freastal uirthi mar bheadh an scoil in ann níos mó uaireanta scoile a thabhairt do na páistí, níos mó múinteoirí a fhostú, chomh maith le roinnt buntáistí eile.

Labhair Meon Eile le phríomhoide na scoile, Fiachra Ó Donghaile, faoin phróiseas atá ar bun acu leis an stádas a bhaint amach agus na buntáistí éagsúla a thabharfadh sé don scoil, don cheantar agus d’fhoghlaim na bpáistí go háirithe.

Labhair muid fosta le hEilís Ní Chearáin atá ina múinteoir sa scoil faoi iníon s’aici atá ag fáil réidh le tosacht ar Naíscoil na Daróige an scoilbhliain seo chugainn. Tá Eilís ag dúil go mór leis an timpeallacht ghálanta Ghaelach a thabhairt do pháiste s’aici agus mothaíonn sí go bhfuil an stádas tábhachtach seo breá tuillte ag Naíscoil na Daróige.

Close
Close