Slán á fhágáil leis na ballaí síochána?

Tá an dara lá déag de mhí Iúil ag teannadh linn. Is é seo an lá is tábhachtaí i bhféilire na bhfear buí mar go ndéantar comóradh ar an bhua a bhain Liam Oráiste amach ag Cath na Bóinne i 1690.

Bíonn an tOrd Buí ag ceiliúradh i gcuid mhór den tuaisceart le paráidí agus máirseálacha agus bíonn drumaí le cloisteáil thart timpeall na háite.

Uaireanta bíonn teannas agus troideanna ag na paráidí seo agus tá go leor daoine ag déanamh sár-iarrachtaí chun síocháin a choinneáil i mBéal Feirste.

Ag fagáil slán leis na ballaí síochána? / Sarah de Búrca

Le déanaí, seoladh straitéis nua trí bliana le haghaidh bhunathrú pobail i mBéal Feirste.

Cuireadh béim ar na ceisteanna casta ag an seoladh agus an aidhm atá ag an Chiste Idirnáisiúnta d’Éirinn ná chun dul i ngleic le deighilt agus réiteach a chur chun cinn.

Ba mhaith le ball an chiste na ballaí síochána a bhaint aníos ach tá go leor oibre fós le déanamh ionas go mbeadh muinín ag an dá phobal as an phróiseas agus ionas go mbeidh gach duine sásta slán a fhágáil leis na mballaí síochána.

Close
Close