Seomraí ranga úra do Choláiste Feirste

os luaithe an tseachtain seo chuir Coláiste Feirste fáilte roimh 186 dalta nua sa chéad bhliain a rinne a mbealach go Spórtlann na hÉireann, áit a bhfuil ocht mbothán nua ag an scoil. Bhí an chuid eile den scoil ansin fosta ag bualadh bos agus ag ceiliúradh na ndaltaí nua.

I ndiaidh dóibh an ribín a ghearradh, chuaigh na daltaí ar aghaidh chuig a gcuid ranganna agus chuir siad tús oifigiúil lena n-oideachas meánscoile.

Cé gur lá ceiliúrtha a bhí ann, bhí an scoil go fóill feasach ar an bhuncheist nach bhfuil an scoil feistithe nó mór go leor chun freastal ar an méid daltaí nua a thagann isteach gach bliain. 

Labhair muid le triúr de na daltaí nua chomh maith le príomhoide na scoile, Micheál Mac Giolla Ghunna.

Seo thíos ráiteas ó Micheál;

Tá Lúcháir orm fáilte mhór a chur roimh an tslua Gael óg inniu – 186 acu a thosaigh linn an tseachtain seo caite agus anois atá ag bogadh isteach sa tsoláthar nua seo a bheas tiomnaithe dá bhforbairt agus dá leas, timpeallacht shéimh shuaimhneach ar féidir leo fás agus foghlaim ar a luas féin agus tús rathúil a chur lena n-oideachas iarbhunscolaíochta.

Is cur chuige nuálach é seo – céim eile i bhforbairt Choláiste Feirste agus an Gaeloideachais i mBéal Feirste. Ach níor chóir go mbeadh sé ag titim amach mar seo. Tá sé dhá bhliain mall, rud a chruthaigh a lán deacrachtaí dár ndaltaí agus a chuir brú breise ar ár múinteoirí. De dheasca easpa straitéise agus pleanála ó thaobh na Roinne Oideachais de, titeann sé ar Choláiste Feirste earnáil a fhorbairt, gach fadhb a réiteach, gach dúshlán a shárú.

Dá dheasca seo uilig, beidh dúshláin eile roimhainn i mbliana – easpa cóiríochtaí gairmeacha i nGaeilge. Ach ní bheidh easpa foghlama ann, ní bheidh easpa cúraim, ná díograis agus dúthrachta. Tá Coláiste Feirste saibhir sna tréithe sin.

Mar sin de, sáróidh muid gach dúshlán mar is gnáth – go nuálach agus go samhlaíoch - agus cruthóidh muid timpeallacht forbartha den chéad scoth don 186 Gael óg anseo inniu.

Is Gaeil muid agus nach uasal é sin!

Close
Close