Suíomh úrnua seolta ag Gaelphobal Ard Mhacha Theas

Sheol Gaelphobal Ard Mhacha Theas suíomh idirlín nua ar na mallaibh, dul chun cinn mór ag an ghrúpa Gaeilge a chuireann an teanga agus an cultúr chun cinn sa cheantar.

Beidh an suíomh ina áis lárnach don phobal áitiúil, agus do chainteoirí agus foghlaimeoirí i bhfad i gcéin, é lán d’áiseanna agus eolais chomh maith le nuacht faoi imeachtaí a bheas ag teacht aníos.

Tá difear nach beag déanta ag Gaelphobal Ard Mhacha Theas dúchas agus saol Gaelach na háite a chur ar an léarscáil, rud atá follasach ón mhéid atá bainte amach acu ar na mallaibh.

Thug grúpa ceoil an Mhullaigh Bháin an bua leo ag Scór Sinsir 2022 (Mark Mac Dómhnaill, Shay Ó Floinn, Éamonn agus Breandán Ó Suilleabháin, agus Fionn Mac Giolla Domhnaigh) agus bhí ionadaíocht iontach ann i gCill Airne ag Oireachtas na Samhna 2022 ó Bhláithín Mhic Cana, Piaras Ó Lorcáin, Síomha Ní Ghribín, Aisling Uí Ghribín agus Barra Ó Muirí.

Seoladh an suíomh mar chuid de Scoil Gheimhridh Michael J Murphy i mbliana in ionad ‘Tí Chulainn’ ar an Mhullach Bán. Labhair Meon Eile le Padraig Ó Tiarnaigh, Cathaoirleach Gaelphobal Ard Mhacha Theas, chomh maith le beirt bhall den choiste, Aisling Uí Ghribín agus Barra Ó Muirí. Ghlac Aisling agus Barra páirt sa gcomórtas na lúibíní le chéile ag Oireachtas na Samhna i gCill Áirne i mbliana agus ghlac siad duais speisialta abhaile leo.

 Is féidir cuairt a thabhairt ar suíomh Gaelphobal Ard Mhacha Theas anseo

Close
Close