Chruinnigh daoine le chéile i nGlór na Móna, iarthar Bhéal Feirste, ar na mallaibh chun seoladh an togra oidhreachta ‘Croí na Carraige’ i gcomhar leis an Chrannchur Náisiúnta Oidhreachta a cheiliúradh.
Tá Glór na Móna ag déanamh oibre le thart ar 5 bliana anuas ar thionscadal caipitil, ‘Croí na Carraige’, a bheas mar mhol nua pobail.
Tá easpa spáis ag an eagraíocht, cé go bhfuil an t-éileamh ar a cuid seirbhísí ag fás, agus réiteoidh an togra seo an fhadhb. Mar shampla, tá cumann óige s’acu ag feidhmiú i mbotháin shealadacha faoi láthair.
Is é an sprioc le Croí na Carraige ná ‘tionscadal caipitil ilchuspóireach’ a chruthú, dar leis an Dr. Feargal Mac Ionnrachtaigh, áit a mbeidh siad ag cothú teaghlach, na hóige, an phobail agus oidhreacht an cheantair.
Chun na spriocanna seo a bhaint amach, chuir Glór na Móna iarratas isteach ar an Crannchur Náisiúnta Oidhreachta le spás iarsmalainne bunaithe ar stair an cheantair a thógáil san ionad nua.
Labhair Meon Eile leis an Dr. Feargal Mac Ionnrachtaigh faoin phróiseas seo agus faoi na pleananna atá acu an stair áitiúil a nascadh leis an ionad nua-aimseartha. Labhair muid fosta leis an Dr. Síobhra Aiken, léachtóir Gaeilge in Ollscoil na Banríona, atá fosta ar Bhord Ghlór na Móna, faoin tábhacht a bhaineann leis an stair a thaispeáint don phobal agus an stair ó bhéal a thaifeadadh agus a roinnt le daoine eile.