Scéal na himirce i dTír Chonaill - Tuairim Sagairt Pharóiste

Le tús gach bliain úr, cuirtear béim ar athruithe pearsanta a théann chun socair do shaol an duine.

Ní rogha phearsanta áfach ceann de na hathruithe is coitianta i measc phobal óg na tuaithe faoi láthair.

Tá scéal na himirce mar chuid den saol san iarthuaisceart arís eile agus togha na bhfear agus na mban óg ag tabhairt cúl ar theach, ar threibh agus ar thír.

Tá ráta dífhostaíochta 49% i measc an aoisghrúpa 15 – 24 i nDún na nGall dar leis an Phríomh-Oifig Staidrimh.

Labhair muid leis an Athair Brian Ó Fearraigh, Sagart Cúnta i bparóiste Ghaoth Dobhair, faoi thionchar na himirce agus na géarchéime eacnamaíochta ar shaol an phobail agus an teaghlaigh, agus leag an tAthair a lámh ar thábhacht an dóchais…

An tAthair Brian Ó Fearraigh / Shane Ó Curraighín
Close
Close