Réamonn Ó Ciaráin ina Phríomhfheidhmeannach nua ar Ghael Linn

D’fhógair Gael Linn ar na mallaibh gur ceapadh Réamonn Ó Ciaráin as Crois Mhic Lionnáin ina phríomhfheidhmeannach nua ar an eagraíocht. Tá Réamonn ag obair le Gael Linn le beagnach 30 bliain anuas ó thosaigh sé in 1993.

Thug Meon Eile cuairt ar Réamonn agus é ag obair in Aonach Mhacha lena fháil amach faoina shaol agus faoina chuid oibre ar son na Gaeilge le Gael Linn thar na blianta agus ar ndóigh faoina ról úrnua agus é i gceannas ar an eagras.

Tá Réamonn ag dúil go mór leis an dúshlán nua agus le bheith ag obair le foireann Ghael Linn sa tréimhse nua atá le teacht.

Close
Close