Oideachas trasteorann ag méadú ó thuaidh agus ag titim ó dheas

View Oideachas Trasteorann in a full screen map

Tá ceithre oiread daltaí iarbhunscoile ó Phoblacht na hÉireann ag tabhairt faoi oideachas trasteorann i gcomparáid leo siúd ó Thuaisceart na hÉireann.

Le linn na scoilbhliana 2012/13, chláraigh 275 dalta a raibh seoltaí baile i bPoblacht na hÉireann acu le hiarbhunscoileanna ó thuaidh, i gcomparáid le 63 dalta ón tuaisceart a chláraigh le hiarbhunscoileanna ó dheas.

Tá imní léirithe ag Tony Gallagher, Ollamh le hOideachas, Ollscoil na Banríona go mbeidh oideachas trasteorann ina achrann polaitiúil.

Deir an tIar-Aire Oideachais, Caitríona Ruane, Sinn Féin, gur fadhb mhór í an córas iompair scoile sna ceantair cois teorann. Dar léi, tá an córas iompair ó thuaidh ag cur srian ar dhaltaí ón tuaisceart atá ag clárú d’oideachas iarbhunscoile ó dheas.

Deir Cathaoirleach Chomhchoiste Oideachais an Tionóil, Mervyn Storey, DUP, cé gur rogha phraiticiúil í an t-oideachas trasteorann do roinnt tuismitheoirí, go bhfuil gá áfach le córas íocaíochta thuaidh/theas a thugann léargas níos cruinne ar na figiúirí reatha.

Figiúirí curtha ar fáil ag Ranna Oideachais TÉ agus PnahÉ
Figiúirí curtha ar fáil ag Ranna Oideachais TÉ agus PnahÉ

De réir eolais atá faighte ag Meon Eile agus The Detail faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, tháinig méadú 42% ar líon na ndaltaí iarbhunscoile ó Phoblacht na hÉireann a chláraigh ó thuaidh idir na blianta 2008-2013. Sa tréimhse chéanna, tháinig laghdú 16% ar líon na ndaltaí ón tuaisceart a chláraigh le hiarbhunscoileanna ó dheas.

Tá na bhfigiúirí ón dhá Roinn Oideachais le fáil ina iomláine ag bun an ailt seo.

Cásanna áitiúla

Figiúirí curtha ar fáil ag Roinn Oideachais TÉ
Figiúirí curtha ar fáil ag Roinn Oideachais TÉ

Is é Coláiste na Croise Naofa nó Holy Cross College ar an Sráth Bán i dTír Eoghain an scoil is mó éilimh le daltaí ó Phoblacht na hÉireann le ceithre bliana anuas.

Sa scoilbhliain 2012/13, chláraigh 80 dalta ón Phoblacht le Coláiste na Croise Naofa; figiúr atá níos mó ná an líon iomlán ó Thuaisceart na hÉireann a chuaigh ó dheas sa tréimhse chéanna.

Tá baile Lifear suite leathmhíle ón Sráth Bán. 1,658 duine atá ina gcónaí i Lifear gan iarbhunscoil sa bhaile acu. Idir 6 míle agus 14 míle atá na hiarbhunscoileanna is cóngaraí dóibh sa chontae.

D’oscail Coláiste na Croise Naofa ar an Sráth Bán i mí Mheán an Fhómhair 2004 nuair a rinneadh cónascadh ar thrí iarbhunscoil; Ardscoil Naomh Colmán, Ardscoil Muire agus Convent Grammar School. Osclaíodh foirgneamh nua na scoile in 2008.

Deir Tony Gallagher, Ollamh le hOideachas, Ollscoil na Banríona, nach ionadh ar bith é go bhfuil tarraingt chomh mór ar oideachas trasteorann ar an Sráth Bán.

“B’infheistíocht ollmhór é Coláiste na Croise Naofa. Tháing trí scoil áitiúla le chéile agus tógadh foirgneamh nua lena chois. Scoil úrnua is ea í le háiseanna den scoth. Míníonn sé sin tarraingt na scoile agus ní hiontas ar bith é gurbh í an scoil is mó éilimh í le daltaí ó dheas,” arsa an tOllamh.

Figiúirí curtha ar fáil ag Roinn Oideachais TÉ
Figiúirí curtha ar fáil ag Roinn Oideachais TÉ

Tá an Scoil Ríoga i gCathair Ard Mhacha, scoil pháirt-chónaitheach, ar an dara scoil is mó éilimh d’oideachas trasteorann. 41 dalta ón Phoblacht atá cláraithe sa scoil.

Deir Ardmháistir na scoile, Paul Crute, go bhfuil an scoil ag cur fáilte roimh dhaltaí cónaitheacha ó gach cuid den tír le 300 bliain anuas.

“Tugann na daltaí gné bhreise chultúrtha chun na scoile agus tá ardmheas againn ar oideachas trasteorann. Le trí bliana anuas, tá an Ghaeilge á cur ar fáil do dhaltaí cónaitheacha na scoile agus tá Clár Léinn Éireannaigh á chur ar fáil do dhaltaí sa scoil fosta,” a deir sé.

Tá Ardscoil Newtownhamilton agus Ardscoil Naomh Iósaf, Crois Mhic Lionnáin, ar na tríú scoileanna is mó éilimh d’oideachas trasteorann.

Deir Garnett Mullan, Príomhoide Ardscoil Newtownhamilton, go bhfuil ról lárnach ag an eaglais áitiúil i dtacú le hoideachas trasteorann sa scoil.

“Bíonn an chléir ó na heaglais áitiúla freagrach as tionól sa scoil gach seachtain. I gcásanna áiríthe, bheadh Ministir i gceannas ar thrí phobail; ceann amháin i dTuaisceart na hÉireann agus dhá cheann i bPoblacht na hÉireann. Ní bhaineann an teorainn le saol na ndaoine sin. Tá scoil s’againne ag freastal ar phobal daoine atá ina gcónaí ar an dá thaobh den teorainn.”

“Maidir le riachtanais iontrála, tá sé de dhualgas orainn leithcheal a dhéanamh ar dhaltaí a chuireann iarratas chugainn ó Phoblacht na hÉireann. Faoin dlí, caithfidh muid tús áite a thabhairt do dhaltaí atá ina gcónaí i dTuaisceart na hÉireann,” a deir an tUasal Mullan.

Cleachtas Cómhalarachta na Ranna Oideachais

Dúirt an Roinn Oideachais i dTuaisceart na hÉireann go bhfuil cleachtas cómhalartachta idir an Roinn Oideachais ó thuaidh agus an Roinn Oideachais agus Scileanna ó dheas maidir le gluaiseacht daltaí i gceantair cois teorann.

Faoi reachtaíocht iontrála Thuaisceart Éireann, tá sé de dhualgas ar scoileanna ó thuaidh tús áite a thabhairt do dhaltaí atá ina gcónaí ó thuaidh ina bpróiseas iontrála.

Dé réir reachtaíocht iompair an Tuaiscirt, ní chuirtear tacaíocht taistil ar fáil do dhaltaí chuig na scoileanna is cóngaraí dóibh lasmuigh den Tuaisceart.

Oideachas Tras Teorann DUP agus Sinn Féin

In 2010, mhol an tIar-Aire Oideachais, Caitríona Ruane, go ndéanfaí an reachtaíocht seo a athrú. Deir sí go bhfuil an reachtaíocht mar a seasann sé faoi láthair ag cur srian ar oideachais trasteorann sna gceantair chois teorainn.

“Caithfidh muid féachaint cad iad na bacainní atá ag cruthú deacaireachtaí d’oideachais trasteorann agus caithfidh muid dul i ngleic leis na bacainní seo. Tosaíonn páistí ar an bhunscoil ag aois níos óige agus críochnaíonn siad ar an bhunscoil ag aois níos óige i dTuaisceart na hÉireann. Ba mhaith liom go dtosóidh siad agus go gcríochnóidh siad ar an aois céanna.”

“Tá tionchar aige seo ar dhaoine ó gach pobal. Má dhéanann daoine i gCabhán agus i Muineacháin cinneadh a bpáistí a chur chuig an scoil is cóngaraí dóibh. Tá gach seans ann gur ar an thaobh eile den teorann atá an scoil sin. Caithfidh muid a chinntiú nach ndéantar leithcheal ar aon nduine, cé acu Caitliceach, Protastúnach nó dhaoine gan chreideamh ar bith iad.”

“Creidim go bhfuil cásanna ann inar féidir le daoine cás a thógáil faoi Dhlí an Aontas Eorpaigh go bhfuil leithcheal a dhéanamh orthu. Toisc go bhfuil daoine lonnaithe i dtuaisceart na hÉireann ag fáil tús áite iontrála roimh dhaoine atá ina gcónaí ar oileán na hÉireann. Tá limistéir iompair chomónta Aontas Eorpaigh ann sna ceantair teorainn trasna na hEorpa.

Sílim nach mór é a oscailt do thuismitheoirí ar cheachtar taobh den teorann anseo. Tá go leor tuismitheoirí atá ina gcónaí ó dheas, a n-oibríonn ó thuaidh, agus a n-íocann a gcuid cánach ó thuaidh. Is ceisteanna iad sin faoi dhlí an Aontas Eorpaigh,” a deir an tIar-Aire Oideachais.

Glacann Mervyn Storey, Cathaoirleach ar Choiste Oideachais an Tionóil leis gur rogha praiticiúil í an oideachais trasteorann i gceantair teorainn. Teastaíonn uaidh go gcuirfear córas íocaíochta i bhfeidhm a léiríonn na treochtaí is déanaí.

“Dé réir an dlí, tá sé de dhualgas ar chóras oideachais Thuaisceart Éireann tús áite a thabhairt do dhaltaí arbh as Tuaisceart Éireann dóibh. Ní mór go bhfanfadh sé mar sin. Go dtí seo, nuair a bheadh áiteanna breise ar scoil, cuireadh na háiteanna sin ar fáil do dhaltaí arbh as lasmuigh de Thuaisceart Éireann dóibh.”

“Tá breis agus 270 dalta ag teacht ón Phoblacht anseo dá gcuid oideachais, figiúirí atá méadaithe le hos cionn 40%. Tá costais ansin ar Státchiste Thuaisceart Éireann toisc go bhfuil daltaí a oiliúint ar chostais againne agus níl a chostais a dtógáil ag Poblacht na hÉireann.

Tá comhaontú ann (idir an dhá Rialtas) i gcás othair arbh ar an deisceart dóibh a dtéann chuig otharlainne an Tuaiscirt. Tá socraithe ann i gcás seirbhisí dóiteáin agus tarrthála má bhíonn feidhm trasteorann i gceist ann. Tá corás íocaíochtaí ann sna gcásanna sin agus bá chóir go mbeadh a mhacasamhail céanna ann i gcás cúrsaí oideachais, arsa Mervyn Storey.

Níor chuir an Roinn Oideachais i dTuaisceart Éireann costais d’oideachas trasteorann ar fáil do Meon Eile. Dúirt siad nach bhfuil sé féideartha tomhais a dhéanamh ar an chostas a bhaineann le dalta a chur tríd bliain iarbhunscolaíochta.

“Ní féidir costas a chur ar fáil d’oideachas iarbhunscolaíochta do dhalta amháin thar thréimhse bliana. Cé go bhfaigheann gach scoil buiséad áiríthe, cuirtear maoiniú eile ar fáil ó na húdaráis chuí mhaoinithe.”

Tá eagla ar an Ollamh Oideachais, Tony Gallagher, go mbeidh oideachas trasteorann caite in achrann polaitiúil.

“Tá barraíocht ábhar ann san oideachais a gcruthaíonn achrainn agus racán agus tá baol ann go dtarlóidh an rud céanna anseo. Roimhe seo, rinneadh talamh slán den ábhar mar shíl daoine nach raibh mórán difríocht idir bhfigiúir."

“Dé réir mar a éiríonn an t-ábhar níos sofheicithe, tá baol ann go ndéanfar é a pholaitiúil. Is cosúil go mbeidh díospóireacht ann faoi chórais íocaíochta agus araile. Níl sé doshamhlaithe go dtarlódh a leithéíd agus go gcruthófar bacainní d’oideachas trasteorann.”

An taobh eile: Daltaí an Tuaiscirt ag dul ó dheas

Figiúirí curtha ar fáil ag Roinn Oideachais TÉ
Figiúirí curtha ar fáil ag Roinn Oideachais TÉ

Is iad contaetha Dhún na nGall, Mhuineacháin, An Lú agus Átha Cliath na cinn is mó éilimh i measc daltaí ó Thuaisceart Éireann. Sa bhliain 2012/13, chláraigh daltaí ó Thuaisceart Éireann in 11 contae éagsúil i bPoblacht na hÉireann.

Bhí Átha Cliath ar cheann de na contaetha is mó éilimh d’oideachas trasteorann idir 2007/2011. Bhí 24 dalta ar mheán acu gach bhliain. In 2012/13, 5 duine a bhí cláraithe d’oideachas trasteorann sa chontae.

Le cúig bliana anuas, tháinig os cionn 70% de dhaltaí ó Thuaisceart na hÉireann a thug faoi oideachas iarbhunscoile sa Phoblacht ó Chontaetha an Dúin, Fear Manach agus Tír Eoghain.

Figiúirí curtha ar fáil ag Roinn Oideachais TÉ
Figiúirí curtha ar fáil ag Roinn Oideachais TÉ

Torthaí Suirbhé ar Oideachas Trasteorann le plé Dé hAoine, 9 Samhna

I Mí an Nollaig 2011, thug na hAirí Oideachais, Ruairí Quinn agus John O’Dowd, faoi shuirbhé i gceantair teorann le tomhais a dhéanamh ar riachtanais oideachais sna gceantair úd. Tá torthaí an tsuirbhé le plé ag cruinniú de chuid na gComhaireachta Thuaidh Theas i gCathair Ard Mhacha, 9 Samhain.

Close
Close