Na céadta duine i gcoinne iarratais le feirmeacha oisrí a fhorbairt i dTír Chonaill


Tá 13 hiarratas curtha chuig an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara Micheal Creed le feirmeacha oisrí a fhorbairt idir Bá Bhaile an Easa agus trá Mhachaire Rabhartaigh i nGaeltacht Thír Chonaill.

Is scéal é seo a tháinig aniar aduaidh ar chuid mhór den phobal áitiúil.

D'fhreastail breis ag 700 céad duine ar chruinniú poiblí a bhí ar siúl ar an Fhál Carrach le deanaí lena mí-shástacht agus a n-imní a léiriú faoi na pleananna seo.

Deirtear go mbeidh na feirmeacha chomh mór le 50 páirc peile.

Tá clú ar Chloich Cheann Fhaola as a cuid tránna agus bíonn an áit dubh le turasóirí achan samhradh agus iad ag siúl cois cósta agus ag snámh. Bíonn go leor daoine agus gnólachtaí fán cheantar ag brath ar an turasóireacht le hairgead a shaothrú gach bliain.

Taobh amuigh de chúrsaí turasóireachta, tá an suíomh ina bhfuil na feirmeacha seo le tógáil suite taobh istigh de Limistéar faoi Chaomhnú Speisialta.

Ní rud úr é seo. Tá imní ann i gcónaí faoi roinnt feirmeacha oisrí eile ar chósta Thír Chonaill agus an mhuintir áitiúil go fóill ag fanacht ar fhreagra cruinn ón Aire Creed fúthu.

Tá feachtas dar teideal ‘Save Ballyness Bay’ ar bun ag muintir na háite agus iad ag iarraidh go ndéanfaidh an tAire Creed athbhreithniú ar a chinneadh agus na ceadúnais seo a tharraingt siar.

Close
Close