NÓS ar líne ag bogadh tí - nos.ie le seoladh inniu

Bunaíodh NÓS sa bhliain 2008 ar bhonn deonach leis an bhfís go raibh iris nua-aimseartha, tharraingteach agus beagáinín gnéasúil tuillte agus ag teastáil ó phobal na Gaeilge.

Is iomaí éacht atá bainte amach ag an bhfoireann ó shin agus tá an-tóir ar an gcéad iris chultúir agus stíl bheatha Ghaeilge seo, in Éirinn agus thar lear.

D’éirigh le NÓS an duais don dearadh is fearr a bhaint ag na Irish Magazine Awards i 2013, ag fáil lámh in uachtar ar go leor foilisiúchán Béarla.

Ach anois tá tús á chur le ré eile i saol na hirise agus iad ag seoladh suíomh cuimsitheach úrnua.

Bhuail Meon Eile le heagarthóir na hirise chun a thuilleadh a fháil amach faoi, agus d’éirigh linn radharc eisiach a fháil ar nos.ie, atá le seoladh inniu ag 12:00in i gCultúrlann MacAdam Ó Fiaich, Béal Feirste.

NÓS ar líne ag bogadh tí - www.nos.ie le seoladh inniu
Close
Close