Múinteoirí ó thuaidh réidh le dul ar stailc

Tá na múinteoirí ó thuaidh i lár gníomhaíocht thionsclaíoch faoi láthair de bharr nach bhfuil aon fhorbairtí tagtha ar na cainteanna idir na Ceardchumainn do Mhúinteoirí ó thuaidh agus an tÚdarás Bainistíochta maidir le héileamh íocaíochta a rinneadh ar son gach múinteora sa tuaisceart.

Tá an t-éileamh agus an idirbheartaíocht sin á ndéanamh faoi choimirce Chomhairle Mhúinteoirí Thuaisceart Éireann (GTCNI).

Is é an tsaincheist is mó atá ag múinteoirí faoi láthair ná cúrsaí pá. Tá múinteoirí ag streachailt ar feadh tamaill anois agus ag iarraidh tacaíocht níos fearr a fháil ón Roinn Oideachais, ón Údarás Oideachais agus ó CCMS. Ardaíodh an aois ag a bhfuil múinteoirí in ann cur isteach ar a gcuid pinsean agus laghdaíodh pá na múinteoirí, ach is sa treo eile atá an t-ualach oibre ag dul.

Níl dabht ar bith ann go bhfuil múinteoirí go fóill ag obair taobh amuigh de na gnáthuaireanta chun freagrachtaí eile nach mbaineann leis an teagasc a chur i bhfeidhm. Is cúraimí iad sin a bhfuil tábhacht leo ach ar cheart go dtitfeadh sé uilig ar dheasc an mhúinteora? Tá ceist ann faoi cad atá níos tábhachtaí - na múinteoirí a bheith iomlán i láthair lena ndaltaí gach lá ar scoil sa seomra ranga, nó a bheith ina suí i mbun páipéarachais agus cúraimí den chineál sin?

Labhair Meon Eile le beirt mhúinteoirí iar-bhunscoile faoin cheist - Pádraig Mac Riabhaidh (ball de Chumann Múinteoirí Éireann) agus Caoimhín Mac Colaim (Ionadaí Ceardchumainn le Cumann Múinteoirí Éireann do mhúinteoirí iar-bhunscoile i mBéal Feirste) - agus le Marie O’Shea (Oifigeach Ceardchumann agus Cathaoirleach an Choiste ó Thuaidh). 

Close
Close