Mór-agallamh le hArdmhéara Bhéal Feirste, Máirtín Ó Muilleoir

Mór-agallamh le hArdmhéara Bhéal Feirste, Máirtín Ó Muilleoir

Ar 3 Meitheamh 2013 toghadh Comhairleoir de chuid Shinn Féin, Máirtín Ó Muilleoir, mar an 58ú Ardmhéara ar Bhéal Feirste.

Tá Máirtín anois ar an cheathrú Ardmhéara ó Sinn Féin, ag leanúint Niall Ó Donnghaile, Tom Hartley agus Alex Maskey.

Bhí sé ina bhall den Chomhairle ar feadh deich mbliana go dtí 1997 nuair a roghnaigh sé díriú ar a ghnólachtaí féin. Tháinig sé ar ais sa pholaitíocht sa bhliain 2011 mar ionadaí ar Bhaile Mhoireil, deisceart Bhéal Feirste.

Tá Máirtín Ó Muilleoir tar éis seasadh siar agus bliain shaor a thógáil ó Ghrúpa Meán Bhéal Feirste, Bóthar Ard agus an nuachtáin Irish Echo i Meiriceá.

Deir sé go bhfuil an post is fearr i mBéal Feirste aige faoi láthair agus cé go bhfuil go leor dúshlán i gceist leis, tá sé lán sásta bliain saor a thógáil óna ghnó féin chun díriú ar a ról nua mar Ardmhéara.

An phríomhaidhm atá ag Máirtín Ó Muilleoir ná an tsíocháin sa chathair a choinneáil agus a fheabhsú agus tá sé i gceist aige fostaíocht a chruthú chomh maith.

Mór Agallamh le hArd-Mhéara Bhéal Feirste; Máirtín Ó Muilleoir / Sarah de Búrca
Close
Close