Míshástacht faoi sheirbhísí Gaeilge don óige

Deir os cionn 60% de dhaoine óga nach bhfuil fáil shásúil acu ar imeachtaí sóisialta Gaelacha ina gceantar.

Seo blúirín eolais ó shuirbhé atá foilsithe ag an eagraíocht POBAL faoi mhianta agus riachtanais teanga na hóige.

Beagnach 800 Gaeilgeoir idir 11 agus 19 bliain d’aois a ghlac páirt ann.

Tugadh le fios gur i dtimpeallacht na scoile a tharlaíonn 85% d’imeachtaí Gaeilge a eagraítear do dhaoine óga.

Dúirt 30% go mbíonn an teanga á labhairt acu sa bhaile.

Tá Príomhfheidhmeannach POBAL, Janet Muller, ag iarraidh go dtabharfar aird ar thorthaí an tsuirbhé agus straitéis na Gaeilge ó thuaidh á dréachtú.

POBAL

Príomhphointí eolais

  • 92% a dúirt go raibh an Ghaeilge iontach tábhachtach nó tábhachtach dóibh.
  • B’iad imeachtaí spóirt, dráma, clubanna óige agus damhsa an ceithre shaghas imeachtaí a léirigh rannpháirtithe an tsuirbhé dúil iontu.
  • Dúirt beagnach 60% nár spéis leo cláracha teilifíse ná raidió i nGaeilge.
  • Léirigh 94% tacaíocht d’Acht Gaeilge.
  • Tá fáil ar thorthaí an tsuirbhé ina iomláine ag an nasc seo thíos.
Close
Close