Litreacha Gaeilge scriosta faoi chúram Royal Mail

Royal Mail

Maíonn Valerie Mhic Giolla Fhinnéin i gCúl Raithin go ndearna fostaí Royal Mail scrios ar roinnt litreacha s’aici toisc an seoladh a bheith i nGaeilge.

Rinneadh an chód poist a scrios ar litir amháin agus rinneadh an seoladh a scrios ar litir eile. Tá Bn Mhic Giolla Fhinnéin i mbun gnó cartaí Gaeilge www.smaointe.ie i gcontae Dhoire.

Deir sí nach fhadhb nua é seo ach go bhfuil sé imithe in olcas agus go bhfuil uirthi cúiréir príobháideach a úsaid mar nach féidir brath ar chóras seachadta beart Royal Mail.

Tá imní léirithe ag Janet Muller, Príomhfheidhmeannach POBAL, go mbeidh seirbhísí Gaeilge Royal Mail ag éirí níos measa as siocair phríobhaidiú na seirbhíse.

Dúirt Barbara Roulston, Oifigeach Cumarsáide Royal Mail, go bhfuil gearráin Bn Mhic Giolla Fhinnéin á scrúdú agus go n-aithníonn an t-eagras a ndualgais faoi reachtaíocht naisiúnta agus faoi Chairt na hEorpa do Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh.

Close
Close