Litir phráinneach seolta ag 50+ grúpa Gaeilge ó thuaidh chuig Rúnaí Stáit na Breataine

Tá litir phráinneach seolta ag breis agus 50 grúpa Gaeilge ó thuaidh chuig Rúnaí Stáit na Breataine, Brandon Lewis, ag éileamh air “reachtaíocht don Ghaeilge a thabhairt fríd Westminster láithreach”. Labhair Meon Eile le roinnt de na baill ó eagraíochtaí éagsúla a sheol an litir faoin tábhacht a bhaineann leis an ghníomh atá iarrtha acu.

Bhailligh an slua ag Cultúrlann McAdam Ó Fiach Dé Máirt 16 Samhain chun litir oifigiúil a sheoladh chuig Brandon Lewis toisc gur chaill sé a spriocdáta maidir le reachtaíocht cheart a rith don Ghaeilge. 

Labhair Meon Eile le Cuisle Nic Liam ó Chonradh na Gaeilge, le Conchúr Ó Muirí ó Ghlór na Speiríní agus Glór Mhachaire Fíolta, le Joe Ó Dochartaigh ó Choiste Forbartha Charn Tóchair agus le Conchúr Ó Muadaigh agus Brenda Uí Chléirigh ón Dream Dearg.

Close
Close