Léirsiú poiblí ag Ollscoil na Banríona ar son comharthaí dátheangacha


Tá dhá bhliain ann ó thosaigh Cumann Gaelach Ollscoil na Banríona feachtas feasachta chun aitheantas a fháil don Ghaeilge san ollscoil agus comharthaíocht dhátheangach a bheith a chur in airde san institiúd.

Ní amháin sin ach tá bliain go leith imithe ó bhrúigh siad ar ghrúpa oibre na hollscoile ceist na Gaeilge a phlé agus a bpolasaí Comhionnanais agus Éagsúlachta a athrú. Ar a bharr sin tá trí mhí imithe anois ó cuireadh críoch le próiseas comhairliúcháin ar cheist na gcomharthaí.

In aineoinn sin, tá lucht na Gaeilge san ollscoil go fóill ag fánacht ar fhreagraí agus ar thorthaí an phróisis.

D'eagraigh Cumann Gaelach Ollscoil na Banríona i mBéal Feirste léirsiú taobh amuigh de gheataí na hollscoile an tseachtain seo caite agus iad ag éileamh ar údarás na hollscoile comarthaí dátheangacha a chrochadh ar champas.

Tháinig scaifte ollmhór le chéile chun seasamh i gcomhpháirtíocht leis na léachtóirí a bhí ar stailc chun aird a tharraingt ar chearta teanga, chearta pá agus chearta daonna.

Bhí líon mór daltaí óga ann ó Ghaelcholáiste Dhoire - agus an t-aoisghrúpa sin ag ullmhú anois le dul chun na hollscoile, tá siad ag iarraidh go mbeidh ionadaíocht acu ó thaobh na Gaeilge de ar an ollscoil chomh maith.

Bhí Meon Eile i láthair agus bhuail muid le cuid den slua a bhí páirteach san agóid chumachtach seo.

Close
Close