Léirsiú Grá 2019

Ghlac na mílte páirt i Léirsiú Grá 2019 i mBéal Feirste Dé Sathairn seo caite agus iad ag lorg comhionannas pósta don phobal LADT ó thuaidh.

Tá comhionannas pósta ann ó dheas agus ar fud na Breataine ach tá an ceart á shéanadh ar mhuintir an tuaiscirt go fóill.

Shiúil na sluaite fríd an chathair ó Chearnóg na Scríbhneoirí go Halla na Cathrach, áit a raibh bean Lyra McKee, an t-iriseoir óg a dúnmharaíodh i nDoire ar na mallaibh, Sara Canning, ina haoí speisialta.

Labhair Sara agus lucht eagraithe an lae ar an ghá le comhionannas pósta agus rialtas a chomhlíonfadh geallúintí faoi chearta daonna.

Bhí An Dream Dearg ag siúl Dé Sathairn fosta agus iad den tuairim gurb ionann séanadh cearta ar dhream amháin agus séanadh cearta ar an phobal uilig.

Dúirt John O'Doherty ó Love Equality ar an stáitse ag Halla na Cathrach nach bhfuil cearta ar bith san iomaíocht le céile agus gur sochaí cheart-bhunaithe a bhí uathu uilig.

Bhí Meon Eile i láthair agus labhair muid le lucht eagraithe an léirsithe, chomh maith leo siúd a bhí ann lena gcuid tacaíochta a léiriú don chomhionannas pósta...

Close
Close