An Ghaeilge ar ais san Irish News

Le beagnach trí bliain is fiche, tá trí leathanach Gaeilge san Irish News agus iad uilig faoi eagar ag Robert McMillen. Bíonn clú agus cáil ar na seifteanna iontacha seo, go háirithe ag ‘The Bluffer’s Guide to Irish’.

Ar an drochuair i mi na Samhna 2022, bhí taom chroí ag Robert agus stopadh na leathanaigh ar feadh tréimhse. Sin ráite, tá biseach tagtha air anois, agus tá na leathanaigh Gaeilge fillte ar an Irish News le seachtain anuas.

Labhair Meon Eile le Robert faoin iontas a bhí air nuair a chuala sé go raibh freagra ollmhór ag an lucht léitheoireachta faoin stop ag na leathanaigh Gaeilge agus go raibh éileamh ann iad a thabhairt ar ais. D’inis sé dúinn fosta gur chuidigh an tacaíocht spreagúil seo agus é ag teacht ar ais ag obair.

Close
Close