Laoch mór na hÉireann, John Hume, curtha i gcré na cille

Bhain iarcheannaire an SDLP John Hume clú amach mar gheall ar a chuid oibre ar son na síochána sna Sé Chontae.

Bhuaigh sé Duais Nobel na Síochána i gcuideachta an cheannaire aontachtaigh David Trimble sa bhliain 1998 as an obair a rinne siad ar son na síochána anseo in Éirinn.

Bhí fís aige dá thír, dá mhuintir féin agus bhain sé sin amach le Comhaontú Aoine an Chéasta.

Polaiteoir a bhí ann a thróid go mór ar son cearta sibhialta agus síochána ach, thar aon rud eile, is fear mór pobail a bhí ann a raibh ardmheas air in Éirinn agus ar fud an domhain.

Bhí Uachtarán na hÉireann Michael D Higgins, an Taoiseach Micheál Martin, agus Céad-Aire agus LeasChéad-Aire an Tuaiscirt ina measc siúd a bhí i láthair ag tórramh John Hume i gcathair Dhoire an tseachtain seo caite.

Labhair Meon Eile leis an an Easpag Dónall Mac Eoin, a léigh Aifreann na Socraide, agus le hiar-chomhghleacaí de chuid John Hume, Patsy McGlone MLA, faoina shaol agus faoin oidhreacht atá fágtha ina dhaidh aige.

Close
Close