Language, Resistance and Revival seolta - Scéal na bPríosúnaithe Poblachtanacha in athneartú na Gaeilge ó thuaidh

Seoladh ‘Language, Resistance and Revival – Republican Prisoners and the Irish Language in the North of Ireland’, leabhar nua le Fearghal Mac Ionnrachtaigh i gColáiste Feirste ar na mallaibh.

Is saothar é faoi scéal na hathbheochana teanga ó thuaidh le leathchéad bliain, inste trí shúile na n-iarchimí a d’fhoghlaim an Ghaeilge i gcillíní na Ceise Fhada.

Beagnach caoga iarchime a ghlac páirt sa togra. Labhair Meon Eile le húdar an tsaothair, Fearghal Mac Ionnrachtaigh, leis an Saineolaí Coireolaíochta, Phil Scraton agus le hiarchimí faoi ghluaiseacht na Gaeilge ó thuaidh agus faoi thionchar na streachtailte ina leith…

Language, Resistance, Revival

Tiomnaíodh an leabhair i gcuimhne Terry Enright, deartháir Fearghal, íospartach neamhurchóideach agus athair clainne a maríodh le linn na dtroiblóidí.

Close
Close