Lá stairiúil do phobal na Gaeilge Dé Céadaoin seo caite

Lá thar a bheith stariúil a bhí ann Dé Céadaoin seo caite, an 26ú de mhí Dheireadh Fómhair, nuair a glacadh le reachtaíocht Ghaeilge i dTeach na dTeachtaí i Londain.

Bhí gníomhaithe Gaeilge, go háirithe An Dream Dearg, ag fanacht leis an toradh seo le tamall fada - rinneadh an chéad ghealltanas maidir le hAcht na Gaeilge siar in 2006 i gcomhaontú Chill Rímhinn. Níor cailleadh misneach ná dóchas áfach agus lean Gaeil an tuaiscirt orthu ag troid ar son cearta teanga agus cearta daonna le tacaíocht ó mhórchuid an phobail. Labhair Meon Eile le Julian De Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, agus le Ciarán Mac Giolla Bhéin agus Conchúr Ó Muadaigh, úrlabhraithe An Dream Dearg, faoin dul chun cinn.

Anois caithfidh an reachtaíocht dul faoi lámh Rí na Breataine agus tógfaidh an próiseas cúpla mí ar a laghad. Idir an lá linn tá rudaí eile le socrú anseo ó thuaidh. Táthar ag súil leis go gcuirfear tús le ceapachán an Choimisinéara Gaeilge gan mhoill, rud a thosóidh cur i bhfeidhm na reachtaíochta i gceart.

Is iontach go bhfuil an chéim seo bainte amach ach ní ceann scríbe é. Tá neart obair phraiticiúil go fóill le déanamh ach, mar a dúirt Ciarán, bhí an bua seo de dhíth ar an phobal. D’imir an feachtas spreagúil ar son an achta tionchar ollmhór ar mhuintir an tuaiscirt. Tá daoine níos eolaí, níos dearfaí agus níos fáiltí roimh an teanga anois. Rinne An Dream Dearg obair na gcapall - ó bheith ag teacht le chéile, ag eagrú, ag cur oideachas ar an phobal, ag plé go hoscailte le daoine, ag glacadh daoine ar bord leo agus ag tabhairt spás agus aitheantas do gach uile dhuine. Is cinnte gur cúis cheiliúrtha é an fhorbairt seo, ní hamháin do phobal na Gaeilge ach don tsochaí oscailte ar fad.

Thig leat tuilleadh eolais a fháil faoi fheachtas An Dream Dearg ar shuíomh idirlín s’acu anseo. 

Close
Close