Bhí lá speisialta ann in An Carn ar na mallaibh agus Comórtas Náisiúnta Ghlór na nGael buaite ag Coiste Forbartha Charn Tóchair mar gheall ar an obair atá déanta acu thar na blianta ag cur na Gaeilge chun cinn. Tagann an duais seo le €15,000.
Is é seo an ceathrú huair a bhfuil an duais buaite ag an choiste, atá suite taobh amuigh de Mhachaire Rátha i ndeisceart Chontae Dhoire. Tá Coiste Forbartha Charn Tóchar ag cur seirbhísí trí mheán na Gaeilge ar fáil do dhaoine áitiúla idir óg agus aosta ó bhí 1992 ann.
Rinneadh an bronnadh i mbliana faoin ghrian sna coillte in aice le An Carn. Dúirt Seán Ó Coinn, Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, gur eiseamláir dea-chleachtais iad Coiste Forbartha Charn Tóchair do na heagraíochtaí eile ar fud na tíre.
Is Oifigeach Pleanála Teanga le Líonra Charn Tóchair é Joe Ó Dochartaigh, a dúirt linn go mbíonn an Comórtas Náisiúnta ina spreagadh maith don choiste chun plean fadtéarmach a dhéanamh maidir leis na seirbhísí a chuireann siad ar fáil.
Labhair Meon Eile fosta le Lorcán Mac Gabhann, Ceannasaí Ghlór na nGael, a d’ dúinn faoin fhás suntasach atá tagtha ar An Carn ó osclaíodh na doirse agus an forbairt leanúnach a fheiceann sé achan bhliain.