Martin McGuinness 1950 - 2017

Fear as Taobh an Bhogaigh i nDoire, bhí cáil ar Martin McGuinness mar gheall ar an aistear a rinne sé ón chogaíocht go dtí an tsíocháin.

Bhí McGuinness ina bhall den IRA agus ceapadh mar cheannasaí é dá réir. I ndiaidh gur éirigh chomh maith sin le stailceoirí ocrais agus iarrthóirí Poblachtánacha eile i dtoghcháin ag tús na 1980í, thosaigh sé féin agus Sinn Féin dul i dtreo na polaitíochta mar is ceart.

Leis an uafás ó thuaidh ag dul in olcas, d’fhógair an IRA sos cogaidh sa bhliain 1994 agus bhí Comhaontú Aoine an Chéasta mar thoradh ar na cainteanna a thit amach sna blianta ina dhiaidh.

Bhí Martin McGuinness mar idirbheartaí diongbháilte sna cainteanna síochána sin.

Ba é McGuinness, le chéile lena iar-namhaid Ian Paisley, a thug an dá thaobh le chéile i gcomhrialtas. Dea-shampla den chomhaontú síochána a bhí sa bheirt agus na ‘Chuckle Brothers’ mar leasainm orthu.

Agus 10 mbliana caite aige mar LeasChéad-Aire ar an Tionól i Stormont, d’éirigh McGuinness as i mí Eanáir agus conspóid scéim an fhuinnimh inathnuaite agus easpa dul chun cinn na Gaeilge luaite i measc a chuid fáthanna.

Thit an comhrialtas dá bharr agus ar 19 Eanáir d’fhógair McGuinness nach mbeadh sé ag seasamh sa chéad toghchán eile.

Fuair Martin McGuinness bás go luath ar maidin 21 Márta in Ospidéal Alt Mhic Dhuibhleacháin mar gheall ar fhadhb croí.

Labhair Meon Eile le roinnt daoine thart fá Bhéal Feirste chun a gcuid tuairimí ar an pholaiteoir aitheanta a fháil.

Close
Close