Iarthar Chorcaí ag tacú le teifigh in oirthear na hEorpa

6 bliana ar aghaidh agus tá rudaí ag dul in olcas i gcás na dteifeach.

Tá sé ráite go bhfuil na mílte daoine treigthe sa Ghréig ó druideadh an teorainn idir Oirthear na hEorpa agus Tuaisceart na hEorpa ar ais i Mí Mhárta.

Tá na teaghlaigh agus na daoine seo ag fulaingt agus tá siad ag brath go mór ar chuidiú ó na heagraíochtaí carthanachta agus na hoibrithe deonacha.

Bean a bhfuil cur amach aici ar an drochdhóigh atá ar na teifigh ná Carmel Nic Airt, príomhoide ar Ghaelscoil Mhichíl Uí Choileáin, Cloch na Coillte, Corcaigh.

Chaith Carmel seal beag i Marburg sa Ghearmáin i 2015 ag tacú leis na teifigh ansin.

Chuaigh an t-am a chaith sí sa Ghearmáin go mór i bhfeidhm uirthi agus ó shín tá sí ag obair go dícheallach ar son na dteifeach.

Tá Carmel tar éis sos gairme a thógáil óna post agus tá tús curtha aici le ‘Island to Island: West Cork Humanitarian Aid’ ó mhí Éanair. Tuilleadh eolais faoi Island to Island le fáil Anseo

D’eagraigh Carmal feachtas bailiúcháin ar na mallaibh le hearraí riachtanacha a chruinniú ar mhaithe leis na teifigh sa Ghréig.

Sa deireadh bhí dhá lorraí aici agus iad lán go béal.

Bhí an ceamaradóir Ian Mac Murchaidh i gcuideachta Carmel ar an turas. Seo cuid den méid a thaifead sé agus é thall sa Ghréig…

Iarthar Chorcaí ag tacú le teifigh in oirthear na hEorpa
Close
Close