Gradam Shaoirse na Cathrach tugtha ar ais ag Bob Geldof

Thug Bob Geldof gradam 'Shaoirse Chathair Bhaile Átha Cliath' ar ais maidin Dé Luain mar agóid in aghaidh Aung San Suu Kyi agus a laghad atá déanta aici mar uachtarán Mhaenmar faoin phobal mionlach Moslamach Róihinse. 

Ag labhairt leis na meáin taobh amuigh de Halla na Cathrach dúirt Geldof “nach raibh sé ag iarraidh a bheith luaite leis an onóir chéanna atá bronnta ar cheannaire Mhaenmar, Aung San Suu Kyi”.

Dúirt sé fosta “go raibh ceannaire Mhaenmar ag cothú an chinedhíothaithe, geall leis, mar nár labhair sí amach go fóill in aghaidh dhrochúsáid an réimis mhíleata sa tír”.

Bhí Cruinniú ag an Chomharle Cathrach trathnóna Dé Luain chun an cás a phlé.

Tá sé soiléir ó shin go ndearnadh iarracht an gradam a bhaint de Aung San Suu Kyi cheana féin agus go bhfuil baill áirithe go fóill ag obair ina threo sin.

An cheist áfach ná an mbronnfar an teideal ar Bob Geldof arís...?

Close
Close