Glór na Móna: Príomhbhuaiteoirí Chomórtas Ghlór na nGael

D'éirigh leis an eagraíocht phobail agus óige as iarthar Bhéal Feirste, Glór na Móna, príomhdhuais Ghlór na nGael a bhaint ar na mallaibh ag bronnadh na nduaiseanna i mBaile Átha Luain.

Chomh maith le duais dá rannóg féin, 'Ceantar le daonra níos lú ná 30,000 duine' agus Duais an Timire a bhaint d'obair charthanachta na heagraíochta, thug Glór na Móna leo an phríomhdhuais de €20,000.

Mar is gnáth, bhí comórtas géar ann i mbliana le timpeall 40 coiste san iomaíocht ar an iomlán.

Ciste de luach €77,000 san iomlán a bronnadh ar choistí pobail, grúpaí Gaeilge agus Cumainn Ghaelacha tríú leibhéal as a gcuid iarrachtaí ar son chur chun cinn na Gaeilge.

Bunaíodh Glór na Móna sa bhliain 2004 leis an Ghaeilge a chur chun cinn i measc phobal an Uachtair Chluanaí in iarthar Bhéal Feirste.

Ranganna, imeachtaí cultúrtha agus seirbhísí óige is mó a sholáthraíonn an eagraíocht.

Labhair Meon Eile le Feargal Mac Ionnrachtaigh ó Ghlór na Móna, le Frainc Mac Cionnaith ó Ghlór na nGael agus le páistí a bhaineann tairbhe as seirbhísí óige an eagrais.

Close
Close