Géarchéim na bhfeirmeoirí ag dul in olcas: Easpa fodair, agus tuilleadh drochaimsire geallta ag Met Éireann

Thug an comharchumann bainne is mó sa tír, Dairygold, 2,500 tonna fodair isteach sa tír ón Ríocht Aontaithe maidin inné.

Tá ganntanas fodair ar roinnt mhaith feirmeoirí siocair an drochaimsir a bheith linn chomh fada sin anois.

Tá costais bhreise anois orthu mar gheall ar an easpa fáis sna páirceanna, agus eallaigh agus caora le cothú acu.

Tá sé ráite ag John O'Gorman, cathaoirleach Dairygold, go ndíolfaidh siad an fodar le feirmeoirí ar an mbunphraghas.

An 5ú Aibreán a bhí ann inné agus cé go raibh lá deas grianmhar ann, bhí sléibhte Dhún na nGall go fóill faoi bhrat sneachta, agus an fuacht le mothú san aer.

Thug muid cuairt ar Shaunie Ó Baoill, feirmeoir de bhunadh Chloich Cheann Fhaola i nGaeltacht Thír Chonaill.

Labhair sé linn faoi na deacrachtaí móra a bhí ag feirmeoirí Dhún na nGall i mbliana siocair na drochaimsire, agus faoin imní atá air muna dtiocfaidh feabhas ar an aimsir taobh istigh de choicís.


Tá tuilleadh báistí gealta ag Met Éireann don chuid eile den tseachtain agus titfidh an teocht ceithre chéim faoi bhun an reophointe in áiteanna anocht. 

Drochaimsir, go háirithe agus uain agus gamhna ag teacht ar an saol ag an am seo den bhliain….

Close
Close