Forbairt tithíochta ag cur imní ar mhuintir Ráth Chairn

Tá Comharchumann Ráth Chairn i ndiaidh cás Ard-Chúirte a thógáil in éadán pleannana le haghaidh forbairt tithíochta suite sa cheantar.

Labhair Meon eile le hÉanna Ó Cróinín, Saoirse Nic Aogáin agus Seán Mac Donnacha faoin chás agus faoin imní atá ar mhuintir na háite mar gheall air. Is i bpáirc idir an bhunscoil agus Ionad Phobal Ráth Chairn atá na pleananna don fhorbairt tithíochta ina mbeidh tríocha teach. Is é seo “croílár an cheantair” a dúirt Ó Cróinín, atá ina chathaoirleach ar Chomharchumann Ráth Chairn.

Tá baol mór ann go gcuirfeadh togra mar seo deireadh le Gaeltacht Ráth Chairn, de réir preasráiteas a d’fhoilsigh an Comharchumann roinnt seachtainí ó shin. Luaigh Éanna go mbeadh costaisí míréasúnta i gceist leis na tithe agus nach mbeadh muintir na háite in ann íoc astu cibé, rud a chuireann in iúl dó nach bhfuil na tithe á dtógáil do mhuintir na háite.

Chomh maith leis sin, dúirt sé nach bhfuil aon chosaint ó thaobh na teanga de luaite ag an Bhord Pleanala, agus is ábhar tromchúiseach é sin do na Gaeltachtaí ar fad sa tír a bheas gan chosaint i gcásanna mar seo dá bharr.

Tá Seán Mac Donnacha buartha faoin togra seo mar gheall go mbeadh daoine nach bhfuil suim acu sa teanga ná sa chultúr ag bogadh chuig an cheantar, rud a scriosfadh an Ghaeltacht bheag atá acu.

Bhunaigh Saoirse Nic Aogáin feachtas ar líne lena cairde le stop a chur leis an fhorbairt agus chun an scéal a scaipeadh faoi. Tá Saoirse buartha faoi thodhchaí na Gaeilge sa cheantar agus cultúr na háite chomh maith.

Má tá suim agat tacú le feachtas mhuintir Ráth Chairn, is féidir leat an achainí a shíniú anseo.

Close
Close