Forálacha Cearta Daonna Chomhaontú Aoine an Chéasta

D’eagraigh an Coiste um Riaradh an Cheartais (CAJ) chomh maith leis an Institiúid Idirthréimhseach an Cheartais, Ollscoil Uladh agus an tIonad Cearta Daonna in QUB, comhdháil le déanaí in Ollscoil na Banríona i mBéal Feirste.

Bhí béim mhór ar fhorálacha cearta daonna agus an dul chun cinn atá déanta ó síníodh Comhaontú Aoine an Chéasta 15 bliain ó shin.

Comhaontú Aoine an Chéasta / Sarah de Búrca

Rinneadh gealltanais sa bhliain 1998 chun cosaint a thabhairt do chearta daonna agus chun comhionannas a thabhairt isteach sa socrú síochána.

Rinneadh plé ar an méid atá déanta go dtí seo, 15 bliain ar aghaidh, agus conas is féidir le daoine déileáil leis an am atá caite agus breathnú chun cinn ar an am atá le teacht.

Close
Close