Feachtas Leanúnach ar son Acht Gaeilge

Bhí seachtain ghnóthach ag pobal na Gaeilge mar gheall ar an fheachtas leanúnach ar son Acht Gaeilge.

Bhuail toscaireacht Chonradh na Gaeilge le Robin Swann agus an UUP den chéad uair riamh chun Acht Gaeilge a phlé leo i Stormont.

D'aontaigh an UUP ag an chruinniú go bhfuil cosaintí de dhíth ar an Ghaeilge ach ní raibh siad sásta aontú leis an éileamh ar son Achta.

Inné, chuaigh toscaireacht de phobal na Gaeilge mar chuid d’fheachtas An Dream Dearg chuig Caisleán Chromghlinne, áras Státrúnaí na Breataine don tuaisceart, James Brokenshire, chun an cás ar son Acht Gaeilge a dhéanamh arís eile.

D'éiligh An Dream Dearg cruinniú oifigiúil le Brokenshire nuair a chuir gach duine ann litir phearsanta nó oifigiúil faoina bhráid inné.

D'éiligh siad chomh maith sa litir go ndéanfadh rialtas na Breataine reachtaíocht don Ghaeilge a chur i bhfeidhm ó thuaidh, reachtaíocht a gealladh níos mó ná 10 mbliana ó shin faoi Chomhaontú Chill Rímhinn.

Lean Meon Eile an feachtas le seachtain.

Close
Close