Feachtas ar bun i nGaeltacht Thír Chonaill le hoifigí poist a choinneáil oscailte

Fógraíodh an tseachtain seo caite go bhfuil 159 oifig phoist le dúnadh fud fad na Poblachta mar chuid de chomhaontú idir An Post agus Cumann na Máistirí Poist.

Tá sé oifig phoist Ghaeltachta i measc na 17 n-oifig phoist atá le druid i nDún na nGall.

De réir an liosta atá foilsithe ag An Post, is iad na hoifigí poist in Ailt an Chorráin, Bun an Leaca, an Bun Beag, Mín an Aoire, Dún Fionnachaidh, Gort ‘a Choirce, agus Mín an Lábáin na cinn i nGaeltacht Thír Chonaill.

Dúirt Príomhfheidhmeannach An Post David McRedmond nach ag tabhairt fogha faoi cheantair thuaithe na tíre atá an comhlacht ach ag cur plean i bhfeidhm le cinntiú go mbeifear in ann seirbhísí cearta a chur ar fáil amach anseo.

Druideadh 629 oifig phoist sa tír idir 2002 agus 2010, 10 gcinn acu sin i nDún na nGall.

Beidh cruinniú in Ionad Naomh Pádraig i nGaoth Dobhair anocht, ag 7in, atá á eagrú ag an Chomhairleoir Mícheal Mac Giolla Easpaig, le plean a aontú le cur i gcoinne dhruidim na n-oifigí poist i nGaoth Dobhair, Gort 'a Choirce, Ailt an Chorráin agus Dún Fionnchaidh.

Close
Close