Éamon Ó Cuív agus an tAcht Gaeilge

Thapaigh Meon Eile an deis agallamh a chur ar an Teachta Dála Éamon Ó Cuív agus é ar cuairt i mBéal Feirste ar na mallaibh.

Ba é Éamon Ó Cuív an tAire a bhí taobh thiar d'Acht na dTeangacha Oifigiúla ó dheas. An phríomhaidhm atá leis an Acht ná deimhin a dhéanamh de go dtiocfaidh feabhas ar sholáthar seirbhísí poiblí trí Ghaeilge.

Bhunaigh Éamon Ó Cuív agus a chomhghleacaithe Oifig an Choimisinéara Teanga chomh maith sa bhliain 2004. Is iomaí foras, comhlacht, ceardchumann agus grúpa Gaeilge s raibh baint ag Ó Cuív leo thar na blianta.

Tá Acht Gaeilge ina cheist lárnach i gcomhchainteanna na bpáirtithe ó thuaidh faoi láthair agus é mar dhlúthcuid den dioscúrsa polaitiúil le tamall de bhlianta anuas. A bhuíochas le grúpaí ar nós An Dream Dearg, tá na mílte i ndiaidh dul i mbun léirsithe ar shráideanna na hÉireann agus is cinnte go leanfar leis an bhrú sin go dtí go mbeidh an t-éileamh ar son Acht Gaeilge comhlíonta.

Labhair Meon Eile le hÉamon Ó Cuív faoi cheist na Gaeilge ó thuaidh, faoina thaithí féin maidir leis an teanga agus faoina chuid tuairimí ar an staid ina bhfuil an tuaisceart faoi láthair...

Close
Close