An eagraíocht teanga POBAL le druidim

An 30 Aibreán 2019 dúnfaidh an eagraíocht teanga POBAL na doirse don uair dheireanach. Easpa maoinithe is cúis leis an chinneadh.

Labhair muid le bunaitheoir agus úrlabhraí na heagraíochta, Janet Muller, faoi na fáthanna a raibh orthu an cinneadh deiridh a dhéanamh.

Baineadh an bunmhaoiniú ar a bhraith POBAL agus a bhí á fháil acu ó Fhoras na Gaeilge cúig bliain ó shin agus mhair an eagraíocht ar dheontais bheaga ó leithéidí Chomhairle Bhéal Feirste.

Le linn an ama sin d’oibrigh siad go deonach ar feadh dhá bhliain chun an eagraíocht a choinneáil ag imeacht ar mhaithe le pobal na Gaeilge.

Ar na drochuair, áfach, ní leigheas buan ar an fhadhb í sin. 

Bunaíodh POBAL i 1998 mar chuid de na hathruithe suntasacha a cuireadh ar bun i leith na Gaeilge le síniú chomhaontú Aoine na Chéasta.

Ón uair sin ar aghaidh bhí POBAL ina fhóram daonlathach ag grúpaí sóisialta, ealaíon agus oideachasúla Gaeilge agus ba é POBAL a bhí taobh thiar de go leor den taighde faoi acht atá molta don tuaisceart.

Close
Close