Dlúthpháirtíocht á léiriú ag muintir Bhéal Feirste don Phailistín

Bunaíodh stát Iosrael sa bhliain 1948 agus le breis agus seachtó bliain anuas tá talamh mhuintir na Palaistíne á chúngú ag údaráis Iosrael agus is ard an líon daoine atá i ndiaidh bás a fháil de bharr ionsaithe de chuid an rialtais.

Le cúpla seachtain anuas tá an líon sin ag dul in airde arís agus an líon sibhialtach a maraíodh agus a gortaíodh ag dul in olcas achan lá.

Tá an saol mór ag féachaint ar an slad atá ar siúl sa Mheánoirthear ach, mar a tharla roimhe, is beag atá ráite agus is lú atá déanta ag ceannairí idirnáisiúnta an Iarthair.

Cothrom an lae a tharla an Nakba - nuair a cuireadh an ruaig ar na mílte Pailistíneach óna dtalamh in 1948 - bhailigh daoine ina sluaite fud fad an domhain agus na hÉireann lena gcuid tacaíochta a léiriú do mhuintir na Pailistíne. Tá cairdeas agus caidreamh ar leith idir muintir na Pailistíne agus na Gaeil agus bhí sin le mothú go láidir thar an deireadh seachtaine. Na daoine a ghlac páirt sna léirsithe, tá siad ag éileamh ar an rialtas ó thuaidh agus ó dheas gníomh a dhéanamh in aghaidh na mídhaonnachta.

Labhair Meon Eile le roinnt daoine a bhí i láthair ag agóid ag an Bhalla Idirnáisiúnta i mBéal Feirste, áit ar tháinig daoine ó ghrúpaí agus ó chúlraí éagsúla le chéile leis an fhod a sheasamh ar son na Pailistíne agus ar son cearta daonna.

Close
Close