Dearg le Fearg - Mic Léinn Ollscoil na hÉireann, Gaillimh

Dearg le Fearg - Mic Léinn Ollscoil na hÉireann, Gaillimh

Tháinig breis agus 50 duine, idir mic léinn agus leachtóirí, le chéile in Ollscoil na hÉireann Gaillimh inné mar chuid d’agóid a d’eagraigh Misneach.

Bhí an scaifte a bhí i láthair ’Dearg le Fearg’ faoi chinneadh na hollscoile deireadh a chur leis an riachtanas Gaeilge a bhaineann le post Uachtarán na hOllscoile, is é sin ná go gcaithfidh líofacht sa Ghaeilge a bheith aige/aici.

Deir Misneach gur eagrair siad an agóid chéilithe lena míshástacht a léiriú faoi chinneadh Údarás na hOllscoile, “atá arís ag déanamh neamhaird ar an Ghaeilge”.

Tá an Ollscoil go fóill gan Ollamh Nua-Ghaeilge, i ndiaidh don Ollamh Gearóid Denvir éirí as a phost trí bliana ó shín.

Níl caint ar bith fá cén uair a fhógróidh siad an folúntas, nó fiú má tá siad chun an post a líonadh arís.

Misneach na Gaillimhe dearg le fearg

Ag caint le Meon Eile, dúirt urlabhraí de chuid na hOllscoile “go mbeidh Uachtarán nua le ceapadh in OÉ Gaillimh in 2018, agus go bhfuil cainteanna ag dul ar aghaidh maidir leis an bpróiseas earcaíochta agus go bhfoilseofar sonraí faoin bpróiseas in am agus i dtráth.”

Ag caint faoi cheist na Gaeilge dúirt siad, ‘Tá ról faoi leith ag an nGaeilge i saol na hOllscoile agus tá sé sin bunaithe ar reacht na hOllscoile. Tá sé seo le feiceáil sa bhéim atá leagtha ar chur chun cinn na teanga inár bPlean Straitéiseach 2015-2020, agus inár gcuid teagaisc agus taighde. Beidh fís na n-iarrthóirí maidir le cur i bhfeidhm an chuspóra sin mar chuid thábhachtach den phróiseas earcaíochta, chomh maith leis na cuspóirí eile atá leagtha amach sa straitéis.’

Tá agóid ag an Dream Dearg inniu ag 12:30in i mBéal Feirste chun cur i gcoinne chinneadh an Aire Givan deireadh a chur le scéim Ghaeltachta Líofa sna sé chontae. Tuilleadh eolais ANSEO

Close
Close