Halla na Cathrach 'Dearg le Fearg'

Bhailigh slua mór Gael le chéile ag Halla na Cathrach i mBeál Feirste Dé Sathairn chun comóradh a dhéanamh ar an agóid chlúiteach a chuir tús le feachtas An Dream Dearg dhá bhliain ó shin 

Roinnt míonna ina dhiaidh sin i mí Bealtaine 2017 ghlac suas le 15,000 duine páirt i mórshiúl ar son Achta, léiriú cinnte ar an ghluaiseacht a bhí i ndiaidh theacht chun cinn ó thuaidh.

Ag an deireadh seachtaine, lasadh Halla na Cathrach le soilse dearga agus chruinnigh lear mór daoine lena dtacaíocht a thaispeáint agus le haird a dhíriú ar cheisteanna cothromais.

Bhí Meon Eile ann le páirt a ghlacadh san ócáid agus labhair muid le triúr atá bainteach leis An Dream Dearg, mar atá Padaí Ó Tiarnaigh, Katy Rose Mead agus Conchúr Ó Muadaigh, le tuarimí s'acu a fháil ar Acht Gaeilge agus ar a bhfuil bainte amach acu sna dhá bhliain ón chéad imeacht.

Close
Close