‘Cúram Leanaí do Chách’ seolta i gCnoc an Anfa

Bhailigh tuismitheoirí, oibrithe cúraim leanaí, baill tionóil agus baill eagraíochtaí ar nós Melted Parents NI le chéile san Áiléar Fada i gCnoc an Anfa ar na mallaibh leis an straitéis ‘Cúram Leanaí do Chách’ a sheoladh.

Is liosta de mholtaí agus d’éilimh atá sa phlean, atá bunaithe ar thaighde agus ar thaithí phearsanta tuismitheoirí áitiúla, agus arb é is sprioc leis guth agus tacaíocht a thabhairt do pháistí, do thuismitheoirí agus d’oibrithe cúraim leanaí ó thaobh costas agus caighdeán de.

Beidh an Roinn Oideachais ag seoladh a straitéise nua féin go luath san Fhómhar, agus mhínigh Elaine Crory ó Women’s Resource and Development Agency go raibh sé tábhachtach liosta an phobail féin a chur ar fáil roimh ré le tionchar a imirt ar chur chuige na Roinne.

Labhair Meon Eile le Raissa Balduino ó Melted Parents NI, grúpa tuistí a dhéanann feachtasaíocht i réimse an teaghlaigh. D’inis Raissa dúinn go mbíonn an cúram leanaí ina ábhar struis agus buartha ollmhór do thuismitheoirí i gcónaí.

Dúirt sí go mbaineann an cheist le máithreacha go háirithe agus cuid mhór acu “ag déanamh cinneadh idir tuismitheoireacht agus an obair” mar gheall ar dheacrachtaí agus ar ardchostais an chúraim leanaí.

Close
Close