Léirsiú poiblí ag Cumann Gaelach Choláiste Mhig Aoidh ar son comharthaí dátheangacha

D'eagraigh Cumann Gaelach Choláiste Mhig Aoidh i nDoire léirsiú taobh amuigh den ollscoil Dé Céadaoin.

Is ag impí ar údaráis Ollscoil Uladh a bhí siad chun polasaí comharthaíochta dátheangaí Aontas na Mac Léinn a chur i bhfeidhm.

Bliain ar aghaidh ó aontaíodh an polasaí do chomharthaí dátheangacha ar champas Mhig Aoidh, níl an polasaí sin curtha i bhfeidhm go fóill.

Deirtear go bhfuil tús curtha le próiseas comhairliúcháin ach theastaigh ón Chumann Gaelach tacaíocht an phobail do chomharthaí dátheangacha a chur faoi bhráid údaráis na hollscoile le léirsiú poiblí.

Bhí Meon Eile i láthair agus bhuail muid le cuid den slua a bhí páirteach...

Close
Close